Ná habair é, Déan é!

"Is dualgas lucht na Gaeilge a bheith ina Sóisialaigh" - Máirtín Ó Cadhain

Wednesday 12 April 2017

Seilbh glactha ag baill MISNEACH ar Roinn na Gaeltachta - PREASRÁITEAS

FÍSEÁN BEO ANSEO: https://www.facebook.com/misneach2012/videos/vb.132776460205745/828823067267744/?type=3&theater

Tá seilbh glactha ag baill de chuid MISNEACH, grúpa radacach Gael, ar oifigí na Roinne Gaeltachta ar Shráid Chill Dara i mBaile Átha Cliath. Tar éis d’fhigiúirí an daonáirimh a léiriú an tseachtain seo caite go raibh titim thubaisteach i líon na gcainteoirí Gaeilge sa Ghaeltacht ó 2011-2016 tá an grúpa ag éileamh athrú ollmhór i gcur chuige an Stáit i leith theanga dhúchais na tíre. 

Ag caint ar an titim seo, dúirt urlabhraí ó MISNEACH: 

“Tá toradh neamhshuim lucht na cumhachta i gcinniúint na nGael cruthaithe go críochnúil sna figiúirí is déanaí ón bPríomhoifig Staidrimh. Seo toradh blianta fada déine a chuir leas lucht an rachmais thar riachtanais na cosmhuintire, agus a rinne scrios ar phobail ar fad na tíre, go háirithe sa Ghaeltacht, áit a bhfuil pobail iomlána bánaithe ag an dífhostaíocht, ag an imirce agus ag an bhfaillí ó 2008 ar aghaidh.

Ba chóir go mbeadh náire ar Rialtas na hÉireann agus ar Roinn na Gaeltachta as an bhfaillí mhillteanach atá déanta acu ar an nGaeltacht le blianta fada. Shílfeá, de réir mar a théann an éigeandáil shóisialta, eacnamaíochta, theangeolaíochta agus phobail in olcas sa Ghaeltacht gur amhlaidh is lú suim a bhíonn ag polaiteoirí agus feidhmeannaigh stáit ann.

Le blianta beaga anuas tá MISNEACH tar éis a bheith gníomhach ag eagrú imeachtaí sóisialta, agóidí, féilte ceoil agus cainteanna poiblí. Le gairid bhí feachtas litreacha acu chuig Roinn na Gaeltachta ag gearán faoi cheapúchán Ardrúnaí Roinne nach bhfuil ar a cumas a gnó a dhéanamh trí Ghaeilge.”

Ag leanacht leis dúirt an t-urlabhraí:

“Gearradh buiséad Údarás na Gaeltachta beagnach 75% ó 2008-15, agus is amhlaidh atá an scéal do Roinn na Gaeltachta. Ní hiontas ar bith é gur labhair an Coimisinéir Teanga amach le gairid le rá go bhfuil an Stát féin ag cur le Galldú na Gaeltachta. Tá an tAire Kyne ag iarraidh an dubh a chur ina gheal orainn ag rá linn go bhfuil ag éirí leis an Stráitéis 20 Bliain, ach fiú dá gcuirfí i bhfeidhm í níl an bunús teangeolaíoch léi a chinnteodh go slánófaí an Ghaeltacht ón tsáinn ina bhfuil sí.

Léiríodh i dtuairiscí cuimsitheacha le blianta beaga go raibh géarchéim theangeolaíoch sa Ghaeltacht agus go raibh gá le hathrú polasaí agus infheistíocht mhór leis na pobail seo a chaomhnú. Ina ainneoin seo, ó tháinig Acht na Gaeltachta 2012 isteach tá an Stát ag rá le pobail Ghaeltachta gur gá dóibh pleananna teanga a scríobh, ach níl siad sásta na hacmhainní cuí a chur ar fáil don phróiseas seo. Ní leor é an leithscéal de mhaoiniú atá luaite ag an aire le cúpla lá anuas, go háirithe i bhfianaise an laghduithe 75% ar bhuiséad an Údaráis ó 2008 ar aghaidh

Éilíonn muide i Misneach acmhainní i bhfad níos suntasaí ná seo, mar aon le filleadh ar an mbuiséad a bhí ag an Údarás in 2008, mar atá déanta leis an IDA agus le Fiontraíocht Éireann. Éilíonn muid freisin, go stadfaidh an rialtas den fhaillí i gcúrsaí Gaeltachta agus Gaeilge agus go ndéanfar gníomh éifeachtach anois láithreach le todhchaí na Gaeltachta a chinntiú.”

Creideann MISNEACH muna dtroideann na Gaeil agus a gcuid comhghuallaithe ar ais go láidir ag an am cinniúnach seo, go mbeidh sé ródheireanach agus an teanga ag dul in éag sna croíphobail.

Chríochnaigh an t-urlabhraí:

“Iarrann muid ar ghrúpaí Gaeilge agus grúpaí pobail uile na tíre seo aontú le chéile le seasamh láidir a ghlacadh ar son na Gaeltachta agus na Gaeilge. Ag breathnú dúinn ar an Dream Dearg ó thuaidh, tá muid go láidir den tuairim gur chóir a leithéid chéanna a bhunú ó dheas”.

TUILLEADH EOLAIS: 083 8019989

 
BILEOG EOLAIS A SCAIPEADH AG AN IMEACHT:
Éirí amach na nGael!

Leis na figiúirí is déanaí ón daonáireamh ag léiriú titim thubaisteach i líon na gcainteoirí Gaeilge sa Ghaeltacht, tá MISNEACH ag troid ar ais!

Is ríléir nach bhfuil an Áiféis 20 Bliain á cur i bhfeidhm – agus fiú dhéanann Seán Kyne beart de réir briathar chun sin a athrú tá an “Stráitéis” chomh lag suarach sin nach slánódh sí an Ghaeltacht ón éigeandáil theangeolaíoch agus shóisialta atá anois ann. 

In áit na bréag-stráitéise, éilíonn MISNEACH go gcuirfí i bhfeidhm moltaí an Staidéar Cuimsitheach Teangeolaíoch (2007) agus a Nuashonrú (2015) ar déanadh neamhaird orthu ó foilsíodh iad.

In 2012, bhrú Fine Gall Acht na Gaeltachta tríd sa Dáil, ag déanamh neamhairde ar na 150 moladh a rinneadh ar an mbille. Leis sin, dúirt siad le pobail bhochta gur fúthusan atá sé an Ghaeltacht a shábháil. Ach in áit na hacmhainní cuí a chur ar fáil leis na pobail sin a chumasaú, rinne siad scrios iomlán ar bhuiséad Údarás na Gaeltachta (-75%) agus ar bhuiséad na roinne (-80%). Déine don chosmhuintir, brabús do na baincéirí!

Tar éis 50 bliain de chúlú ó fhís na hathbheochana, d’úsáid lucht na cumhachta an ghéarchéim eacnamaíochta mar leithscéal leis na Gaeil a imeallú níos mó arís – tá an €850,000 atá luaite chun na pleananna teanga a chur i bhfeidhm i 26 limistéar pleanála teanga maslach. Ní leor é sin ná baol air, go háirithe i bhfianaise na €20M+ a ghearradh de bhuiséad an Údaráis ó 2008 ar aghaidh! 

In ainneoin an “borradh eacnamaíochta” nua, tá bánú na tuaithe fós faoi lán seoil, le pobail scriosta ag an imirce le blianta beaga anuas. Is uafásach an rud é sin áit ar bith, ach sa Ghaeltacht tá impleachtaí breise ag an mbánú seo – ciallaíonn sé díothú na príomhtheanga náisiúnta. I bPáirc Gnó Ghaoth Dobhair bhí 1,300 duine fosaithe in 2008 – tá 350 ag obair ann anois!

Tá MISNEACH tar éis feachtas litreacha, cruinnithe poiblí, agóidí agus picéid a eagrú chun cur in aghaidh an oilbhirt seo le cúig bliana anuas. Is léir, áfach, go raibh gá le gníomh níos radacaí le ár gcearta a éileamh agus le léiriú do na húdaráis nach luífidh na Gaeil siar le bás a fháil go ciúin. Ní ghlacfaidh muid leis an bhfaillí seo! Tá an cath curtha – bua nó bás!