Ná habair é, Déan é!

"Is dualgas lucht na Gaeilge a bheith ina Sóisialaigh" - Máirtín Ó Cadhain

Tuesday 30 August 2016

Meitheal Misneach ag teacht!

Tar éis féile iontach i mBéal Feirste an deireadh seachtaine seó thart, tá baill de Mhisneach graitheach aríst ag eagrú an chéad mhór imeacht eile i saol na Gaeilge atá go hiomlán neamhspleách ó mhaoiniú agus srian stáit. Beidh "Meitheal Misneach" - deireadh seachtaine lán ceol, craic, plé agus díospoireacht - ag tarlú i gceann cúpla seachtaine i Ráth Chairn glas na Mí.

Tá muid á heagrú seo mar dheis do dhaoine teacht le chéile agus treoir a shocrú do Mhisneach don bhliain atá romhainn. Aithníonn muid an ghéarchéim theangeolaíoch atá ag titim amach sa nGaeltacht, agus an dochar atá déanta ag bliantaí fada den déine do go leor de na pobail seo. Tuigeann muid go bhfuil go leor de lucht cúise na teanga ag iarraidh rud eicintí a dhéanamh le tacú leis an teanga, ach go minic nach mbíonn a fhios againn céard is fearr le déanamh. Le linn an deireadh seachtaine seo, beidh muid ag éisteacht le haoichainteoirí agus ag plé féidreachtaí lena chéile, nó go mbeidh muid in ann dul i ngleic go héifeachtach leis na dúshláin atá ag pobal na Gaeilge - sa nGaeltacht, sna sé chontae is fichead, agus sna sé chontae ó thuaidh. Chomh maith leis an bplé dáiríre, beidh neart ceol, spraoi agus togha craice!

Taisteal:
Tá fáilte roimh chách ag an meitheal seo. Níl aon chostas air agus, do dhaoine ar mhaith leofa freastal uirthi ach nach bhfuil an t-airgead acu lena dhéanamh, tá coiste taistil ar fáil le n-íoc as cuid de na costais a bheas ag daoine atá ag streachailt le cúrsaí airgeadais. Dá mba mhaith leat cur isteach ar an gcoiste seo, níl le déanamh agat ach é a phlé linn - misneachnagaillimhe@gmail.com.

Tá muid ag cuimriú ar bhus a eagrú ó BhÁC má tá éileamh ann lena aghaidh. Aríst, dá mbeadh spéis agat ina leithéid, bí i dteangmháil.

Lóistín: 
Beidh spás le campáil ar fáil saor in aisce do dhaoine ar mian leo sin a dhéanamh, ach muna bhfuil tú gá iarraidh sin tá na mná tí seo a leanas ag glacadh le lóisteoirí i Ráth Chairn:

Kathryn Uí Shúilleabháin 0863594637
Barbara Uí Mháirtín 0876679639


Tá seomraí ar fáil in Áth Buí freisin: Anne Leevey, Bord Fáilte: 0879945758. Agus 15km ar shiúl, tá tithe ar fáil ag Máirín Lydon: 086 1221589

Tá cúpla Leaba agus Bricfeasta in Áth Throim:
Castleview B/B: 086 8039260
Whitelodge B/B: 046 9436549
The Bounty Bar B/B: 046 9431640


Muna féidir leat lóistín a fháil i Ráth Chairn fhéin agus muna bhfuil gluaisteán agat le taisteal siar agus aniar idir do lóistín agus an tIonad, beidh muid in ann síobannaí a eagrú in éindí le baill eile a bhfuil gluaisteáin acu. Aríst, bí i dteangmháil linn faoi seo más gá.

Mar sin, bígí linn ag Meitheal Misneach agus treabhfaidh muid treoir nú do ghluaiseacht neamhspleách na Gaeilge. An Réabhlóid Abú!

Imeacht "straoisleabhair" anseo: https://www.facebook.com/events/1739557956312950/




Cúpla grianghraf ó Liú Lúnasa i mBéal Feirste ag an deireadh seachtaine. Bhí sé ar leith:






Saturday 13 August 2016

Clár Liú Lúnasa!

A bhuíochas le Gaeil ar fud na cruinne, d'éirigh le Liú Lúnasa os cionn £5,000 a bhailiú agus tá siad chun chuile phingin dhó sin a úsáid le féile iontach, cúig lá a chuir ar siúl i mBéal Feirste! Beidh sé ag tarlú gan mhoill, agus tá an clár ar fáil anois anseo (PDF).

Beidh ceol, craic, ceardlanna, cainteannaí (ceann dár teideal "Misneach - cé muid fhéin?" san áireamh!) agus tuilleadh ann mar chuid dhon fhéile seo, atá ag teacht ón mbun aníos agus atá eagraí' gan aon mhaoiniú oifigiúil.

Ó tharla go gcreideann muid gur ghá an chraic agus an spraoi a nascadh leis an troid ar son chearta na nGael, i measc go leor imeachtaí eile, beidh céilí agóide ann Dé hAoine an 28ú ag 1in le cur in aghaidh an slad atá á dhéanamh ag Ollscoil Uladh ar Roinn na Gaeilge s'acu. Beidh muid ag siúl ann mar ghrúpa ón gcultúrlann.

Faigh do thicéad anois ag https://www.eventbrite.com/e/liu-lunasa-tickets-26570107908 agus bí ann in éineacht linn le do liú a ligint!