Ná habair é, Déan é!

"Is dualgas lucht na Gaeilge a bheith ina Sóisialaigh" - Máirtín Ó Cadhain

Wednesday 30 September 2015

Bua do na Gaeil!

Preas Ráiteas ó Mhisneach Bhaile Átha Clí
 Fáilte roimh ainmneachaí Ghaeilge ar Facebook!
Tuaraim is dhá mhí ó shin tháinig sé chun solais go raibh Facebook ag glanadh daoine le hainm Gaeilge óna suíomh agus ag iarraidh orthu cáipéisí a chur ar fáil ag cruthú go raibh siad ag baint feidhm as a “fíor ainm”. Sé sin le rá, an t-ainm a n-úsáideann siad lasmuigh de Facebook ó lá go lá agus go bhfuil aitheantas “oifigiúl” acu dó.
Mar go gcothaíonn éilimh mar sin fíor-deacreachtaí do phobail dhátheangach, áit nach bhfuil gach éinne cláraithe leis an stát ina ainm Ghaeilge, thosaigh Misneach ag gníomhú i dtreo agóid chun go bhféadfaí teacht ar leigheas ar an scéal. Tar éis do Misneach agóid a eagrú, agus é seo a fhógairt sna meáin, chuaigh Facebook i dteagmháil leis an ngrúpa, agus le Conradh na Gaeilge, chun cruinniú a reáchtáil leo. Bhuail ionadaithe den dhá dream Ghaeilge le Facebook inné (28/09/2015).
Ag caint dó mar gheall ar an gcruinniú dúirt urlabhraí de chuid Misneach, Kerron Ó Luain:
‘Bhí cruinniú torthúil againn le hionadaithe Facebook ina gceanncheathrú i mBaile Átha Cliath inné. Rinne ionadaí Facebook geallúintí soiléire, go raibh fáilte roimh dhaoine a n-ainmneachaí a aistriú go Ghaeilge ar an suíomh gan aon cháipéisí aitheantas a thaispeáint. Freisin go raibh oiliúint leanúnach á gcur ar a gcuid fostaithe chun tuiscint níos fearr a bheith acu ar an gcomhthéacs cultúrtha éagsúla óna dtagann úsáideoirí difriúla. Agus ar bharr sin go raibh siad ag obair ar fadhbannaí ródúcháin maidir leis na gceisteanna seo, rud a gciallódh go mbeadh na daoine leis an saineolas chaoi ag plé le cásannaí áirithe.’
Lean Ó Luain leis:
‘Tá Facebook tar éis geallúintí a thabhairt do Misneach anois nach leanfar leis an idirdhealú a bhí á dhéanamh ar Ghaeil ar an suíomh. Freisin, tá siad tar éis an cás a tharraing ard ar an gceist seo i measc Gaeil sa chéad dul síos, cás Laoighseach Ní Chositealbha, a réiteach agus leithscéal a ghabhadh léi. Aréir, ghlac coiste náisiúnta Misneach agus coiste Misneach BÁC vóta daonlathach sa gcomhthéacs seo gan dul ar aghaidh leis an agóid lasmuigh de Facebook a bhí beartaithe don 7ú Deireadh Fómhair. Ag an bpointe seo tá Misneach sásta dul in iontaoibh geallúintí Facebook.’
Chríochnaigh Ó Luain:
‘Mar sin féin, cé go bhfáiltíonn muid leis na geallúintí seo, táimid chun bheith airdeallach amach anseo chomh maith. Tá a fhios againn gur tugadh geallúintí don phobail LGBT i Meiriceá, ach go háirithe don feachtas #MyNameIs, agus do ionadaí ón bpobal céanna anseo in Éirinn, agus nár chomhlíonn Facebook a gcuid beartais. Luaigh Misneach cás an phobail sin, agus cás na mionlaigh eile ar nós Bundúchasaigh Meirceá, ag an gcruinniú agus tá súil againn go ndéanann Facebook athbhreithniú níos leithne ar an mbeartas “fíor ainm” acu amach anseo chun tabhairt san áireamh nach féidir cur síos, nó cáipéisí, “oifigiúl” a bheith ann i gcónaí d’fhéiniúlacht dhaoine. Ach inniu tá Misneach sásta fógairt go bhfuil bua ann do na Gaeil. Léiríonn an bua, maraon le bua muintir Oileáin Árainn inné chun an tseirbhís eitleáin a choimeád, an cumhacht a bhaineann le hagóid. Samhlaigh stádas agus cearta teanga na nGael dá mba rud é go raibh muid sásta an phobal a ghríosadh i gcoinne gach ísliú stádas agus na hionsaithe eile atá ag dul ar aghaidh faoi láthair!’