Ná habair é, Déan é!

"Is dualgas lucht na Gaeilge a bheith ina Sóisialaigh" - Máirtín Ó Cadhain

Monday 31 August 2015

Agóid faoi sheirbhís aeir go hÁrainn!

Ag leanúint leofa leis na hionsaithe ar mhuintir na Gaeltachta, tá an rialtas ag gearradh siar ar an tseirbhís aeir go dtí na hoileáin Árainn! Tá an tseirbhís seo thar a bheith tábhachtach do mhuintir na n-oileán agus is mór an buille don cheantar uilig a bheadh ann dá bhfaighfí réidh leis.

Tá sé ríthábhacthach mar sin go dtroideann muid ar ais - tá cruinniú 7 agóid eagraí don lá amáireach (Dé Máirt, 1ú lá Meán Fómhair). Siod na sonraí a leanas:

Teacht le chéile ag 3.00i.n. in Óstán Chois Farraige, sna Forbacha. Léirsiú ansin ag 4.00i.n. lasmuigh d'oifig Roinn na Gaeltachta tráth a mbeidh ionadaithe na n-oileán ag bualadh le Joe McHugh.

Bígí ann agus seasfaidh muid an fód in aghaidh na n-ionsaithe seo! 



No comments:

Post a Comment