Ná habair é, Déan é!

"Is dualgas lucht na Gaeilge a bheith ina Sóisialaigh" - Máirtín Ó Cadhain

Friday 28 February 2014

Cuid dár bpóstaeir nua!

Seo cuid den na dearaí do na póstaeir agus na greamáin nua-phriontáilte atá ag Misneach na Gaillimhe már chuid dár bhfeachtas chun áird a tharraingt ar chás práinneach na Gaeilge agus na Gaeltachta.  Bígí ag faire amach lena n-aghaidh ar fud na háite! Má tá duine ar bith ag iarraidh roinnt acu seo, déan teagmháil linn agus seolfaidh muid amach chugat iad: misneachnagaillime@gmail.com. Tá leathnach ar an "straoisleabhar" (fb!) againn chomh maith.



Póstaer 1 (A3)

Póstaer 2 (A3)

Greamáin  (méid A6)


Monday 24 February 2014

Agóid Chonamara ar son Cearta Teanga

Bhí an-rath go deo ar an agóid i gConamara ar son Cearta Teanga agus timpeall míle duine ar fad i láthair ann. Bhí scaifte breá ag Misneach na Gaillimhe ann freisin agus choinnigh muid glórach agus callánach ar feadh an bhealaigh. Chomh maith leis cinn dháil muid amach bileoga agus suathantais Misneach ar an slua. Is iontach ar fad an léirsiú ar na sráideanna ag na Gaeil le tamall beag anuas. Go maire sé agus coinnímis orainn ag eagrú agus ag neartú na gluaiseachta!!











Wednesday 19 February 2014


Cearta Teanga = Cearta Daonna
Máirseáil i gConamara ar an Domhnach, an 23ú Feabhra, ar son Chearta Teanga sa nGaeltacht!
Beimid ag imeacht ón Ardeaglais ar a 1 a chlog ar an Domhnach agus beidh costas de €5 ar shíob ann agus arais. Tacaigh linn sa troid in éadan an Stáit agus iad ag déanamh ionsaithe ar ár dteanga.
Bigí linn!

Monday 17 February 2014

Slua ollmhór Gael ag Mairseáil ar son a gCearta

D'éirigh thar barr leis an mhairseáil i mBaile Átha Cliath ar an tSathairn agus síltear go raibh suas le 10,000 duine páirteach sa léirsiú ar son Cearta Teanga do chainteoirí Gaeilge. Bhí thart fá 20 duine de chuid Misneach na Gaillimhe ann freisin agus neart meirgí agus bratachaí againn. Ní mór leanacht ar aghaidh sa streachailt ar son Cearta Teanga ag an bpointe seo agus beidh Misneach na Gaillimhe lánpháirteach sna hagóidí a bheas ar siúl i gConamara agus i mBéal Feirste sna seachtainí amach romhainn. Beirimis Bua!!



Tuesday 11 February 2014

Agóid Mhór ar son na Gaeilge Dé Sathairn beag seo!


Beidh an mórshiúil is tábhachtaí don Ghaeilge leis na blianta ar siúl an Sathairn seo chugainn ag a 2 i.n. ag tosú ó na Gáirdíní Cuimhneacháin, Cearnóg Pharnell, Baile Átha Cliath.

Tá sé iontach tábhachtach go bhfuil slua mór ann chun ár mí-shásamh a léiriú don Rialtas.  Bí ann, scaip an scéal faoi agus tóg amach do chairde, is cuma más Gaeilgeoirí nó Béarlóirí iad.  Baineann an ceist seo linn uilig.



Beidh pobal labhartha na Gaeilge imithe sna Ghaeltachtaí i gceann 15 bliana muna dhéantar gníomh láithreach. Seo é ár ndeis chun ár féiniúlacht agus oidhreacht a shábháil, taipeoimís í!


Tá bus SAOR IN AISCE eagraithe ag Conradh na Gaeilge a bheas ag fágail na hArdeaglaise ar Oilean Ealtanach gar do NUIG maidin Sathairn ag 10 r.n.  Ní mór suíochán a chuir in áireamh roimh ré tríd glaoch a chur ar Pheadar Mac Fhlannacha o gCnaG - 087 4188050.  Bí ann! 


Píosa grinn iontach le cuid mhaith  den fhírinne ann:


Friday 7 February 2014

Grianghrafanna ón Dara G-Spota i nGaillimh: Oíche den Scoith!






An-oíche go deo a bhí ann!  Go raibh míle maith agat do gach duine a thacaigh leis an ócáid agus d'éinne a chas ceol, amhrain nó ceirníní nó a d'inis scéal.  Beidh an chéad G-spota eile á eagrú againn go gairid, coinnígí súil ar an mblag seo le haghaidh tuilleadh sonraí.