Ná habair é, Déan é!

"Is dualgas lucht na Gaeilge a bheith ina Sóisialaigh" - Máirtín Ó Cadhain

Thursday 20 June 2013

Íomhánna G8, Inis Ceithleann, 2013

'clannaibh na nGael i dteannta a chéile
ar foluain go huasal brat gach cine
le gean dílis don dtalamh don gcosmhuintir
an fód á sheasamh ar son an tsaoirse'




ár mbuíon macánta



na teachtaireachtaí á seoladh ag na cabhlacáin


ag imeacht le scód 'on alltar




'gan fiacha gan buamaí!'



éadach na fola á dhó


 Frith-fhraiceála!
baol mór do thimpeallacht is talamhaíocht Fhear Manach is ea an fraiceál,
níl d'aga ag muintir na dúthaí ná muintir na tíre ach oiread glacadh leis ar a nglúine, ámh.
tá teist na diongbháilteachta léirithe ar an seasamh in aghaidh an contúirt seo cheana,
agus deineadh an-ghlór is an-eagrú ina thaobh ag léirstu G8.





tá Súile ag na Cnoic... ag faire ort.



an bhfeicfidh sé an taoide is tréana?




dorn san aer




Éirimis Anois!

Tuesday 18 June 2013

Buíon Gníomhaithe Misneach as Gaillimh ag an G8



Dálta mórán daoine eile fríd an tír, nuair a mhothaigh lucht misneach anseo i nGaillimh go raibh bodaigh mhóra agus maistíní an G8 le bheith cruinn le chéile ar thailte na hÉireann shíl muid go gcaithfeadh muid dul ann agus a thaispeáint daofa nach raibh fáilte dá laghad rompu. Ní bheadh an dara rogha againn ach tabhairt faoi iarracht dháiríre cur isteach ar chruinniú cheannairí an chaipitleachais oiread agus a thiocfadh linn. Chan amháin go raibh an G8 le teacht go hInis Ceithleann ach bheadh an ócáid diabhalta á húsáid mar bholscaireacht ag na Sasanaigh le fógairt don tsaol mhór go bhfuil tuaisceart ár dtíre go fóill faoina smacht agus go bhfuil an chosmhuintir cloíte acu.



Shocraigh muid i bhfad roimh ré go mbeadh muid ann agus ar nós na ngníomhaithe uilig eile, bhí brionglóidí breátha againn den chineál gníomhaíochta a d'fheicfeadh muid ann. Má tá cuimhne ag duine ar bith agaibh ar Rostock nó ar Genoa na hIodáile thuigfeadh sibh go díreach caidé atá i gceist agam. Sea, creideann muid go gcaithfear beart a dhéanamh de réir briathair, nach leor máirseáil suas 's anuas ach go gcaithfear dul i ngleic go fisiciúil leis an namhaid atá againn go léir, is é sin le rá an caipitleachas agus lucht a riartha.



Ar ndóigh ní mar a shíltear a bhítear agus bhí díomá ar dhuine ar bith a bhí ag dréim le gníomhaíocht dhíreach. Faoi stiúr an pháirtí shóisialaigh níor bhac an chuid ba mhó den tslua le hionradh ar bith a dhéanamh thar chonstaicí na bpóilíní agus, leoga, ba mhór na constaicí iad: sreang dheilgneach agus sconsa mór miotail, gan labhairt ar na mílte muc le gunnaí ag bhí ag faire anuas ó mhullaí na gcnoc orainn. Agus ba deacair locht a fháil ar dhaoine nach dtáinig fhad leis an iarracht briseadh fríd, nó bhí eagla a gcraicinn orthu go dtógfaí iad nó b'fhéidir fiú go scaoilfí leofa. Sea, seans gur ag snámh in aghaidh easa a bhí muid nuair nach raibh ach dornán beag baoideach daoine againn le hais an tslua mhór amhas a bhí cruinnithe ag na Gaill as Sasana, Meiriceá agus tíortha eile.



B'uafásach, go dearfa, an radharc a bhí ann, póilíní gan áireamh agus uirlisí báis ina nglaic acu, drones Mheiriceá ar eiteog san aer, ingearáin ag eitilt thart fosta, na ballaí miotail agus an tsreang dheilgneach, shílfeá go raibh cogadh faoi lán tseoil. Mar sin féin bhí gníomhaithe Misneach as Gaillimh sásta bualadh le comrádaithe Gael as achan chearn den tír, chuir sé lúcháir orainn an oiread sin den tslua a chluinstin ag labhairt a dteanga féin. Ba é an sméar mhullaigh castáil le scaifte gasúraí ó Bhéal Feirste a tháinig le meirge mór Misneach dá gcuid féin. Ar feadh an mháirseáil d'fhéach muid ar fad le manaí i nGaeilge a scairteadh amach agus corruair thosódh daoine eile ag scairtigh na manaí céanna chomh maith.

Is furasta a bheith diúltach nuair nach bhfeiceann muid an líon daoine a mbeadh muid ag súil leis ach de thairbhe feachtas sceimhle an stáit bhí barraíocht eagla ar mhórán daoine a theacht amach. San am i láthair caithfidh lucht na heite clé díriú ar an eagrú ar an talamh i measc an phobail le féin-mhuinín agus le dóchas a thógáil. Nó go ndéanfar sin ní fheicfidh muid na sluaite a b'ait linn. Cuid den streachailt sin atá i Misneach, dream a fhéachas le hathghabháil ár dteanga a bhaint amach i measc na cosmhuintire. Leanfar leis an streachailt! Beirimis Bua!

Tuilleadh pictiúirí le teacht ar ball...

"Ceard 'tá uainn?! SAOIRSE! Cén uair?! ANOIS!"  Lucht Misneach ar an mórshiúl.

Monday 17 June 2013

Fáilte!

Fáilte romhaibh chuig an leathanach nua de chuid Misneach, an eagraíocht shóisialach Ghaeilge a throideas ar son cearta na cosmhuintire fríd ár dteanga féin agus a thuigeanns nach pobal go teanga agus nach teanga go pobal.

Coinneoidh muid ar an eolas sibh ar an leathanach seo faoi na bhfuil ar siúl againn abhus i gCathair na Gaillimhe agus faoi na feachtais éagsúla a mbíonn muig páirteach leo.

Cuirfear tuileadh eolais suas air seo gan mhoill.